Snámh ó Mhachaire Rabhartaigh go dtí Oileán Thoraí

imgp1212Write-up by Owen O’Keefe

Ag deireadh an tsamhraidh, tagann smaointe snámha chugam chomh flúirseach agus dá mbéadh aon ní sodhéanta agam tar éis gheimhridh fhada sa linn snámha! Sa bhliain 2011, do bhuail smaoineamh mé snámh ó Oileán Thoraí go mórthír Dhún na nGall, 13.7 km sa tslí. Do bhí ‘fhios agam go raibh sé indéanta mar do bhí sé déanta ag Anne Marie Ward as Dún na nGall agus ag Kieran Fitzgerald as Sligeach cheana féin. Do bhí sé im’ chionn é ‘dhéanamh óna rabhas sa 3ú Bliain sa mheánscoil, tráth dá chuala, i dtriail chluastuisceana Ghaeilge, faoin snámh ní ba shia ná 8 n-uaire an chloig a bhí ag Anne Marie. Is cara liom í Anne Marie agus nuair a luas di go raibh sé im’ chionn an snámh so ‘dhéanamh dúirt sí go gcabhródh sí liom in aon tslí gurbh fhéidir léi. Gan a thuilleadh moille, do bheartaíos chun triail do bhaint as!

Díreach tar éis teacht abhaile ó Dover dom, do chonac ar réamhfhaisnéis na h-aimsire go raibh lá breá le teacht ar Aoine na seachtaine siúd (17ú Lúnasa 2012). Do chuireas glaoch ar Anne Marie is do shocraíomair chun bualadh i Leitir Ceanainn ar an Déardaoin. Turas mór mílteach ar fad ab ea é ó Mhainistir Fhear Maí go Leitir Ceanainn! Tar éis bualadh le Anne Marie ag stáisiúin na mbusanna, do chuamair ó thuaidh go dtína tigh, do bhí blaisín (béile mór i ndáiríribh) le n-ithe againn is do chuireamair na hábhair go léir a bhéadh ag teastáil uainn i rith an tsnámha le chéile. Ar deireadh, do chuir Anne Marie glaoch ar Brendan Proctor ón gcumann fo-thuinn agus is é a dúirt sé ná go mbéadh an aimsir maith a dóthain ar maidin chun snámh ón mórthír amach go Toraigh, seachas an treo eile.

Ar maidin, d’éiríomair go moch is do thiománamair le chéile go Machaire Rabhartaigh, an áit tosaithe. Ar ár slí ann, do chuamair tré áiteannaibh nár airíos riamh fúthu ach ar an raidió, Gort a’ Choirce agus mar sin de. Um an dtaca gur bhaineamair amach ár gceann scríbe, bhí an ghrian ag taitneamh agus ní raibh mórán gaoithe. Áit álainn is ea Machaire Rabhartaigh, le cé mhór, trá ghainmheach agus uisce breá glan. Tar éis tamaill, do tháinig Brendan agus John Joe ó Chumann Fo-Thuinn Chuan na gCaorach leis an mbád. Do chuireas mo chulaith snámha orm, chomh maith lem’ chaipín is spéaclaí snámha. Ansan, do chuamair go léir ar bord, do chuireamair an rianaire GPS ar siúil is do shnámhas i dtír go dtí an trá i gcomhair an tosaithe oifigiúil.

Finishing the Swim

Tá na rialacha céanna ‘tá i bhfeidhm ar thrasnálacha snámha an Mhuir nIocht i bhfeidhm ar thrasnálacha snámha idir Toraigh agus an mórthír. Mar sin, do bhí orm dul i dtír chun an snámh a thosnú i gceart. Chomh luath agus a bhíos ar ghaineamh tirim, do chasas timpeall, do ritheas ar ais isteach san uisce is do thosnaíos ag snámh i dtreo Thoraí!

Do bhíos an-sásta ag tús na trasnála; do bhí an ghrian ag taitneamh ar mo dhroim is do bhí an t-uisce abhfad ní ba theo ná mar a bhíos ag súil leis – 14.5ºC fiú! I dteannta leis sin, ní raibh smugairle róin amháin le feiscint, do chuir seisean ar mo shuaimhneas ar fad mé! Tar éis cúpla neomat, do tháinig an bád farantóireachta inár gcoinnibh is fuaireamair cúirtéis ó na daoine a bhí ag taisteal air. Agus mé ag snámh ar an dtaobh thiar d’Inis Bó Finne, d’éirigh sé scamallach is do thosnaigh an ghaoth ag séideadh aniar. Níor thaitin an treo gaoithe sin linn mar ní gheobhaimís an chabhair chéanna ón ngaoth aniar lena gheobhaimís ón ngaoth andeas, agus dob é an ghaoth andeas a bhí tuartha. Ar aon nós, do choimeádas ag snámh ó bheathú go beathú.

Clouds rolled in

Tar éis uair an chloig go leith, nó mar sin, do thángamair amach ó scáth Inis Bó Finne agus isteach i gCainéal Thoraí. Do bhí an taoide ag rith anoir-siar, díreach in aghaidh na gaoithe, agus dá bharr san d’éirigh na tonnta píosa beag in airde. Níor chuir sé sin isteach go ró-mhór orm mar do bhí scáth an bháid ag tabhairt faoisimh ón ngaoth agus ó na tonnta dhom. Do leanamair ar aghaidh mar sin ar feadh uair a chloig eile go dtí gur tháinig an ghrian amach arís. Timpeall ar thrí huaire an chloig istigh sa tsnámh, d’éirigh na tonnta in airde ar feadh leathuair nó uair an chloig is do bhí capaill bhána orthu. Seal crua ab ea an leathuair nó uair an chloig sin. Ar an mbeathú deireanach, ámhthach, do chiúnaigh sé abhfad is do thug sé sin seans dom dul i dtír ar mo shuaimhneas.

Finishing the Swim

Do bhí faoiseamh orm nuair a bhíos in ann an tóin poill d’fheiceáil fúm mar do bhí pian ag tosnú teacht isteach im’ ghuaillí fén dtráth san. Nuair a bhaineamair amach an ché, do thaispeáin Anne Marie dom an trá is do shnámhas isteach chuige. Agus an trá bainte amach agam, 4 huaire 20 neomait 34 soicind ónar thosnaíos, do sheasas suas ar an ngainneamh. Do bhí scata páistí ar an dtrá, páistí an Oileáin ab ea iad, agus tar éis cúpla focal leo-súd, do chasas timpeall is do bhí slua maith doine ar an gcé chomh maith. Dob orm-sa a bhí an t-ionadh mar ní rabhas ag súil le haon fháiltiú mar sin.

Tar éis neomait, do chonac fear ní b’aosta ag teacht trasna an trá. Do thug ceann de na páistíbh rabhadh dhom gurbh é Rí Thoraí a bhí ag teacht. Do chuir an Rí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, fáilte mhór romham agus dúirt sé gurbh onóir iontach do mhuintir an Oileáin é gur shnámh duine amach ón mórthír. Leis sin, do chuir sé in aithne ar a chlann is ar mhuintir an Oileáin dom agus dúirt sé le fear éigin sinn a thógaint dá thigh agus cithfholcadh is braon tae do thabhairt dúinn.

Tar éis cithfholcadh is braon tae do bheith againn, do chuamair ar ais go dtí an cuan. Ansan, do shocraíomair chun dul go dtí “Caife an Chreagáin” le h-aghaidh bídh. Ar ár slí ann, do bhualamair le Banríon Thoraí agus sise ag tabhairt aire d’fhabhcún óg a tháinig i dtír ar Thoraigh tar éis dó imeacht ar strae ó Chontae an Chláir! Éan álainn ar fad a bhí ann. Do bhuaileamair le Patsaí Dan arís sa chaife is do bhí comhrá iontach eadrainn go léir. Agus ár sáth ite againn, do chuamair ar ais go dtí an bád is do bhuaileamair fairrgí. Ach sara rabhamair in ann imeacht, do chuir buachaillín óg ceist chugam an rabhas chun snámh ar ais go Machaire Rabhartaigh mar dob é an “riail” ‘tá i bhfeidhm ann ná: má thagair ar an mbád, is féidir leat dul abhaile ar an mbád, ach má thagair ag snámh, caithfir snámh abhaile freisin!

Leathuair an chloig i ndiaidh Toraigh d’fhágáil, do bhíomair beagnach abhaile in aice le cé Mhachaire Rabhartaigh, ach ní raibh ár n-eachtra críochnaithe go fóill. Go h-obann, do tháinig ceithre nó cúig cinn de dheilfeanna díreach in aice an bháid. D’fhanadar linn ag súgradh ar feadh tamaill. Do chuir an méid sin gliondar inár gcroíthibh go léir. Dob é sin deireadh leis an lá, lá fada a bhí ann, ach lá breá taitneamhach ag an am gcéanna. Do lean an floscadh isteach sna laethanta i ndiaidh an tsnámha; do bhí sé sna nuachtáin áitiúla i nDún na nGall gur dhein fear óg, Corcaíoch fiú, snámh ón gcósta amach go Toraigh agus do bhí orm-sa is ar Anne Marie agallamh a dhéanamh ar an gclár “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta.

Ba mhaith liom buíochas ó chroí do ghabháil le Anne Marie Ward as an gcomhairle agus as an gcabhair go léir gur thug sí dom in eagrú an tsnámha so agus sa tsnámh é féin. Buíochas, chomh maith, le Brendan Proctor agus le John Joe Roland ó Chumann Fo-Thuinn Chuan na gCaorach ón dtacaíocht iontach! Ar deireadh, gabhaim buíochas le muintir agus le Rí Thoraí as an bhfáiltiú iontach a chuireadar romhainn ag deireadh an tsnámha.

Nasc do ghrianghraif: bit.ly/TorySwim

Advertisements